Darragh O'Brien - TD
  • HOME
  • News
    • Parliamentary Questions
  • About Darragh
  • Manifesto
    • Family Home and Housing
    • Education
    • Healthcare
    • Social Protection
    • Rural Villages
    • An Garda Síochána
    • Drugs Task Force
    • Environment/Water
    • Transport in Fingal
    • Business, Investment and Employment
    • Dublin Airport and the Airport Pension Scheme
    • Farmers in Fingal
    • Fisheries
    • Heritage and Tourism
    • Gaeilge agus Gaelachas
    • Sport
  • PHOTOS
    • Videos
  • CONTACT
  • FIANNA FAIL
  • Oral Questions

Gaeilge agus Gaelachas

Picture
Pobal Mór le Gaeilge I bhFine Gall
De réir an daonáirimh i 2011 tá 96,537 daoine i bhFine Gall le cumas maith Gaeilge acu, agus 35,211 a labhraíonn an teanga go laethúil.Uimhreacha móra iad siúd agus buíochas leis an sruth nua Gaeloideachais tá ardú sontasach tagtha ar líon na nGaelgóirí sa chondae agus tá sprid an cheoil, an rince,ár gcluichí, agus an chultúir traidisiúnta beo binn inár measc go fóill. Chuirfeadh sin áthas croí ar leithéidí Tomás Ághais a bhunaigh Banna Píb na bhFiacha Dubha agus Club GAA Na Cloigthí i Losca.

Oifigeach Nua Gaeilge
Tá sé iontach gur láinseáil Comhairle Chondae Fine Gall clár nua Gaeilge in Aibreán na bliana seo, sa tslí is gur féidir le daoine anois a gcuid gnó leis an gComhairle a dhéanamh trí mheán na Gaeilge as seo amach.Rinne 40 ball den Chomhairle cúrsaí Gaeilge chun an blas a fháil ar ais, agus tá Oifigeach nua Gaeilge anois ag an gComhairle, sin í Bernie Kelly. Tá sin go léir thar cinn.

Ceiliúradh Mór Bliantúil ag Teastáil
Ba bhreá liom go mbeadh i bhfad níos mó ceiliúradh Gaelachais ann sa chondae taobh amuigh de sheachtain na Gaeilge i  mí na Márta.Tá neart damhsóirí, cantairí agus ceoltóiri againn a d’fhéadfadh féasta, féile nó fleá a chur sa tsiúl cúpla nó trí uair sa  bhliain.Agus tá i bhfad níos mó cur i láthair i nGaeilge a d’fhéadfaimis a chur ar siúl le cabhair ó Ghlór na nGael,Connradh na Gaeilge, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus na Scoileanna agus Grúpaí oideachasúla agus cultúrtha atá sa chondae.
Fingal Trad, Feis Mhór Fhine Gall, Seachtain na Gaeilge agus Scoileanna Gaeltachta agus Thacóinn go láidir le bunú Fingal Trad Ensemble,  féile bhliantúil darb ainm Féile Fhine Gall gach samhradh, agus bunú Feis Fhine Gall a tharraingeodh na ceoltóirí is fearr sa tír anseo ar bhonn comórtais gach bliain ag deireadh an Fhómhair. Ba bhreá liom freisin go bhféadfaimis Comórtas Fhine Gall a bhunú a thabharfadh peileadóirí ó na ceantracha Gaeltachta go léir anseo chugainn gach bliain, sa tslí chéanna a ritear Comórtas Peile na Gaeltachta, a bhunaigh Páidí Ó Sé, gach bliain.Agus mar fhocal scoir, bheadh sé go hiontach ar fad dá mbeadh Seachtain na Gaeltachta againn i bhFine Gall, seachtain ina dtabharfadh Scoileannna Gaeltachta cuairt ar Ghaelscoileanna Fhine Gall. 


Powered by
  • HOME
  • News
    • Parliamentary Questions
  • About Darragh
  • Manifesto
    • Family Home and Housing
    • Education
    • Healthcare
    • Social Protection
    • Rural Villages
    • An Garda Síochána
    • Drugs Task Force
    • Environment/Water
    • Transport in Fingal
    • Business, Investment and Employment
    • Dublin Airport and the Airport Pension Scheme
    • Farmers in Fingal
    • Fisheries
    • Heritage and Tourism
    • Gaeilge agus Gaelachas
    • Sport
  • PHOTOS
    • Videos
  • CONTACT
  • FIANNA FAIL
  • Oral Questions
✕